- Location: Ar líne / Online via Zoom
- Date and Time: Sat 17 September 2022, 11 am – 1 pm
- Teanga / Language: Gaeilge
- Tickets (on Eventbrite): €20 (€18 unwaged / low income*)
*Fingal Poetry Festival aims to be as inclusive as possible and to provide access to our events to all. There are many FREE events during the Festival. If you are on a low income or unwaged, please avail of the reduced ticket rate for ticketed events.
Secure your space now on Eventbrite (booking fees apply). Online booking ends 36 hours before the event starts. – The workshop leader will contact you by email with the Zoom link – please check your spam folder!
Sa cheardlann seo pléifidh Ciara gach a mbaineann le cur i láthair filíochta, a chabhróidh le gach rannpháirtí teacht ar a stíl féin.
Tá ceol agus rithim na filíochta agus an ceangal leis an gcluas chomh tábhachtach céanna le híomhánna agus focail an fhile léirithe ar phár.
Riar scileanna ar leith a theastaíonn le dán a reic os comhair slua, agus is iomaí bealach le tabhairt faoi.
Croch leat cúpla dán le léamh, agus bí réidh le haiseolas a thabhairt is a fháil!
Ceardlann ar líne (Zoom)

The Fingal Poetry Prize is sponsored by DHL.
An Fiach Dubh, the Irish language poetry prize, is sponsored by Progressive Credit Union.
Ciara Ní É
Is scríbhneoir, gníomhaí agus craoltóir í Ciara Ní É. Bhí sí ar an liosta ‘100 Women Changing Ireland in 2022’ de chuid an Irish Examiner. Tá sí mar ealaíontóir cónaithe leis an Dublin Fringe Festival faoi láthair, bhí sí mar Scríbhneoir Cónaithe DCU 2020 agus is ambasadóir í le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Bhí sí mar láithreoir ar an gclár ‘Ciara Ní É: Saol trí Ghaeilge’ le Aniar TV, a ainmníodh ar ghearrliosta Fhéile na Meán Ceilteach agus Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Ise a bhunaigh an oíche filíochta REIC agus tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus timpeall na tíre. Foilsíodh saothar dá cuid sa díolaim Marrow/Cnámh agus Smior, Washing Windows Too, Queering the Green, agus irisí fearacht Aneas, Icarus agus Comhar. Chomhbhunaitheoir an chomharghrúpa AerachAiteachGaelach í, lena chomhbhádóir Eoin Mc Evoy. Roghnaíodh togra leo don Abbey 5×5 2020, agus chuir siad dráma chun stáitse mar chuid den Dublin Fringe Festival 2021. Tá sí ag obair le foilsitheoir ar a céad chnuasach filíochta faoi láthair.
Ciara Ní É is a writer, activist, and broadcaster. She was chosen as one of the Irish Examiner’s ‘100 Women Changing Ireland in 2022’. Ciara is currently Artist in Residence with the Dublin Fringe Festival, she was Writer in Residence at DCU in 2020, and she is an Irish Writers Centre ambassador. The documentary ‘Ciara Ní É: Saol Trí Ghaeilge’ (Aniar TV) which she presented was shortlisted by the Celtic Media Festival and the Oireachtas Media Awards. She has performed in New York, London, Brussels, Sweden, and all across Ireland. She is the founder of REIC, a monthly multilingual spoken word event and the co-founder of LGBTQ+ arts collective AerachAiteachGaelach, with Eoin McEvoy. Her work has been published in the recent anthologies Bone and Marrow/Cnámh agus Smior, Queering the Green, Washing Windows Too, and journals including Aneas, Icarus, and Comhar. She is currently working with a publisher on her first collection.
Secure your space now on Eventbrite (booking fees apply). Online booking ends 36 hours before the event starts. – The workshop leader will contact you by email with the Zoom link – please check your spam folder!

