An Fiach Dubh – Irish Language Poetry Competition

First Prize: Áine Ní Ghlinn  for Scáth                                                           

Second Prize:  Proinsias Mac a’ Bhaird for Doirling

Third Prize:  Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin for Sliabh na mBan    

Eoin McEvoy was Highly Commended for his poem Dubhfhiach

On the Saturday afternoon of the 2021 Fingal Poetry Festival, the winners of the Fingal Poetry Prize and An Fiach Dubh were announced during a happy ceremony in the Mills.  Along with the successful poets and their friends and family members, we were delighted to be joined by representatives from our generous sponsors for both awards, Maurice Meade, Managing Director of DHL Global Forwarding, and Michael Hoey, Managing Director of Country Crest, both of whom presented the prizes.

Enda Coyle-Greene, Artistic Director; Proinsias Mac a’ Bhaird, second prize winner An Fiach Dubh; Anne Francis O’Reilly, winner of Final Poetry Prize; Áine Ní Ghlinn, winner An Fiach Dubh – Irish Language Poetry Competition; Ceaití Ní Bheildiúin, Irish Language Coordinator

This year, for the first time ever, both first-placed poets also received a signed print by artist Deirdre McKenna. Depicting the raven, the mythical symbol of Fingal, both are limited edition (the only two in existence!) and were specially commissioned for the Fingal Poetry Festival.  

Moltóir / Judge: Aifric Mac Aodha

Tá Aifric Mac Aodha ag obair ina heagarthóir Gaeilge le Poetry Ireland ReviewThe Stinging Fly agus gorse. D’fhoilsigh An Sagart an chéad chnuasach filíochta léi, Gabháil Syrinx, sa bhliain 2010. Cuireadh dánta dá cuid i gcló ar irisí éagsúla, POETRY Young Irish Poets ina measc. Aistríodh a saothar go teangacha éagsúla, an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Iodáilis, an Spáinnis agus an tSeicis san áireamh. Bhronn An Chomhairle Ealaíon mórchuid sparánachtaí uirthi. Is é Foreign News (The Gallery Press, 2016) an cnuasach is déanaí léi. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil sí ag obair ina heagarthóir cúnta leis an nGúm.

Aifric Mac Aodha is the Irish-language poetry editor of Poetry Ireland Reviewgorse and The Stinging Fly. Her first poetry collection, Gabháil Syrinx (The Taking of Syrinx), was published by An Sagart in 2010 and her poetry has been published in various magazines and journals, including POETRY Young Irish Poets. Her work has been translated to many languages, including French, German, Italian, Spanish and Czech. She has been awarded several bursaries by The Arts Council. Her latest collection, Foreign News, with translations by David Wheatley, was published by The Gallery Press in 2017. She lives in Dublin where she now works for the Irish-language publisher, An Gúm.

And here, in reverse order, are Aifric Mac Aodha’s comments on the top three poems in An Fiach Dubh…

B’iontach an rud é a bheith ag plé le comórtas An Fhéich Dhuibh, aimsir dhubh na paindéime, agus chuaigh na hiarrachtaí go léir go domhain ionam.

Is trua liom go mór nach bhfuilim féin i bhur láthair inniu chun na duaisdánta a fhógairt agus tá mé an-bhuíoch de Cheaití Ní Bhéildiúin as seasamh sa bhearna dom.

Trí dhán a roghnaigh mé ar deireadh agus iad an-éagsúil óna chéile:

Sula bhfógraítear na torthaí, ba den tábhacht é dán an fhile Eoin Mc Evoy as a dhán snoite, ábhartha, ‘Dubhfhiach’:

Tuigtear dó dúchas, taibhsítear dó brí,
Braitheann sé ceangal dúrúnda le tír.
Éiríonn an branán ar eití mar scáth
Is eitlíonn sé uaidh ina phréachán.

Maidir leis na buaiteoirí oifigiúla, is í Gormfhlaith Ní Shíocháin Ní Bheoláin a bhain an tríú háit amach. Dán greannmhar atá ina hiarracht féin, ‘Sliabh na mBan’. Tá iarsma den fhilíocht Chlasaiceach le brath ar cheol lom an dáin seo agus moladh ar leith ag dul dá línte láir:

Fainic ort má thugair fé
Na cruacha a dhreapadh go hard sa spéir;
Cuir uait do phár is do pháipéar —
Ní ghlacaimidne ach le litríocht bhéil.

Is é Proinsias Mac a’ Bhaird a bhain an dara duais amach. Is breá liom an nóta neamhspleáchais sa dán seo:

Agus mé ag siúl
Cladach seo na n-uilechloch
Tráth a fhoilmhe,
Tógaim an chloch ait
An spalla glas
An púróg dhonn
Is caithim leis na toinn iad.

Is iad an dóchas atá in uachtar i ndeireadh an dáin seo, dar liom féin.

‘Tá stíl thaitneamhach réidh comhráiteach atá i leith na drámatúlachta ag [an bhfile seo].’ Ciarán Ó Coigligh a bhreac na focail sin faoi Áine Ní Ghlinn, thiar sa bhliain 1986 agus is dóigh liom go bhfuil siad fíor i gcónaí faoi shaothar ár bpríomhbhuaiteora:

Thagadh sé ar ais ó am go chéile is
sheasadh sé sa halla. Dhéanadh sé cóta
a chuimilt nó smearadh láibe a ghlanadh de bhuatais.

Cuireann an dán seo ‘The Listeners’ le Walter de la Mare i mo cheann, dán eile a léiríonn nach féidir an diamhracht a shárú.

Aifric Mac Aodha
%d bloggers like this: